Tá a fhios ag cách an draíocht a chuir saothar Phanu Hoglund agus a fheachtas pearsanta ar son na Gaeilge orm riamh. Mar sin, chuaigh mé i dteagmháil ríomhphoist leis agus d’iarr air cupla ceist a fhreagairt, ionas go bhféadfainn saghas agallamh a fhoilsiú anseo. Bhí sé chomh hoibleagáideach is go ndearna sé rud orm, agus seo anois toradh ár gcuid oibre. Rinne mé athscríobh agus eagarthóireacht áirithe ar na ríomhphoist anordúla a fuair mé uaidh, le blas an fhíor-agallaimh a fhágáil ar an iomlán. Fuair an méid seo thíos a fhormhuiniú. Rinne mé mo dhicheall gan an blas Ultach a bhaint dá chuid Gaeilge.
Aoidhmín Mac Mórna: Ba mhaith liom cupla ceist a chur ort maidir le do chuid Gaeilgeoireachta.
Panu Hoglund: Ceart go leor, ach ba rogha liom gan na gnáthscéalta a reic aríst. Mar sin, tá súil agam nach iad na ceisteanna a chuireanns achan duine orm a thúisce is a gheobhas siad amach gur Gaeilgeoir ón choigríoch mé. Tá mé bréan breoite, tinn tuirseach, dubh dóite dóthaineach de bheith ag tabhairt cur síos ar an dóigh ar mhuscail mo spéis ins an teangaidh an chéad uair riamh, nó níl a fhios agat chomh minic is a cuireadh na ceisteanna sin orm.
AMM: Mar sin, bímis ag caint faoi chúrsaí na Gaeilge, agus an tsúil atá agatsa orthu.
PH: Is fearr liom i bhfad é sin. Tá mé cineál míshásta nár bhac agallóir ar bith le mo chuid barúlacha i dtaobh an tsaoil Ghaeilge a fhiafraí díom.
AMM: Níl sé deacair é sin a mhíniú. Tuigeann tú go bhfuil sainleasanna dílsithe, vested interests mar a deir an Béarla, i saol na Gaeilge féin, agus go bhfuil drogall ar na daoine cead a bhéil a thabhart d’aon duine nach dtabharfadh aird ar na sainleasanna dílsithe.
PH: An bhfuil tú a rádh go bhfuil faitíos orthu gur mise an páiste a sceithfeas nach bhfuil éadaí ar bith ar an Impire?
AMM: Sin é an rud atá i gceist agam dáiríre. Ach cromaimis ar an gcéad cheist anois.
PH: Sin mar a shílim féin ó am go ham. Mar shampla, ní rabh aon teach foilsitheoireachta Gaeilge sásta m’úrscéal don aos óg a fhoilsiú, gidh go bhfuil an Ghaeilge ann i bhfad níos fearr ná i gcuid de na leabhartha Gaeilge a thig i gcló ó na tithe foilsitheoireachta céadna. Ach ná bímis ag trácht air sin - cha chuireann an scéal sin ach samhnas orm ar na saoltaibh seo.
AMM: Choisc tú orm ceist ar bith a chur ort faoi conas a d’fhoghlaim tú do chuid Gaeilge, ach ní dhúirt tú a dhath faoi cheist a chur ort faoin ngrá atá agat do Ghaeilge Chúige Uladh. Inis dhom mar sin céard a chuir i dtreo an chanúnachais sin thú.
PH: Bhail, is ar éigean a thig leat a rádh go mbeadh Gaeilge Chúige Uladh agam, nó ní hé sin an blas atá ar mo chuid Gaeilge. Thairis sin, níl mé leath comh dáiríribh fá dtaobh den chanúnachas inniu agus a bhí mé, abair, deich mbliana ó sin. Ní chleachtaím í i mo chuid scríbhinní a thuilleadh, ach amháin ins an bhlag, nó amanta mar sheort cleas magaidh. Agus ní bhíonn mórán ama agam ar na saoltaibh seo cur leis an bhlag, ós rud é go bhfuil mé an-sáite ins an Vicipéid Gaeilge.
AMM: Pé scéal é, cad ina thaobh gur chuir tú an oiread sin suime i nGaeilge Uladh ar an gcéad ásc? Arbh í an chéad chanúint a d’fhoghlaim tú?
PH: A mhalairt ar fad. B’í an chanúint dheireanach a d’fhoghlaim mé. Thiar ins an bhliain 1995, nuair a chuaigh mé ins an liosta ríomhphoist udaí Gaelic-L ar an Eadarlíon, bhí mé díreach i ndiaidh an chéad súil a fháil ar an chanúint. Bhí seort ínteacht Gaeilge agam cheana féin, Gaeilge Chonamara thar aon chineál eile, tharla go mb’í “Learning Irish” le Mícheál Ó Siadhail an chéad téacsleabhar a bhí agam. Thairis sin, léigh mé cuid mhaith litríochta ó Chúige Mumhan fosta. Bhí mé dall nach mór ar chanúint Uladh, go dtí gur chuir Ciarán Ó Duibhin agus Brian Mac Lochlann ón liosta ríomhphoist sin ar bhealach mo leasa mé.
AMM: Ar léigh tú Peig?
PH: Léigh, agus an t-eagrán dátheangach de ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais atá ar fáil ó Chló Mercier, agus thairis sin, fuair mé leabhar beag deas ó chara Éireannach, Barry Tobin, a rabh cónaí air ins an Bhreatain Bheag, An Giorria san Aer le Ger Ó Cíobháin. Scríbhneoir Muimhneach atá ann, nó scológ ab fhearr a rádh, fear tíre agus tuaithe a bhreac síos a chuid cuimhní cinn agus é ag teannadh le deireadh a shaoil. Údar Gaeltachta den tseandéanamh dhírbheathaisnéisiúil a d’fhéadfá a rádh. Mar sin féin, rinne mé an-staidéar ar an leabhar sin, agus gidh go bhfuil cuid mhór litríochta léite agam i nGaeilge - gach canúint - ó shin, tá mé seort doirte don cheann sin inniu féin. B’é Ger Ó Cíobháin ba túisce a d’fhoscail doras na Gaeltachta domh. Nuair a chrom mé ar an leabhar sin a léamh, cha rabh ionam go fóill ach foghlaimeoir meánleibhéil. Nuair a chríochnaigh mé í, bhí mé i mo Ghaeilgeoir.
AMM: Ach ní raibh eolas agat ar Ghaeilge Uladh?
PH: Cha rabh. Nuair a bhain mé amach ballraíocht leis an liosta ríomhphoist, cha rabh ach an chéad súil caite agam ar Rotha Mór an tSaoil, a fuair mé mar phronntas ó Mhícheál Fearghus Ó Conchúir. An chéad chainteoir dúchais a casadh orm riamh, b’é Leon Ó Braonáin é, deartháir le hEnya. Tháinig sé go dtí an Fhionlainn agus é ina bhainisteoir do bhanna rac-cheoil ó Éirinn a bhí ag seinm thall anseo. Bhí cupla focal agam leis, ach le fírinne, níor thuig mé ach leathfhocal as an deichniúr, agus ní rabh mé i m’fhear léinn comh mór sin ins an am is go mba leor domh an beagán sin leis an iomlán a thuigbheáil. Ábhar náire saolta a bhí ann domh nár thuig mé Gaeilge Chúige Uladh, agus m’anam gur chinn mé ansin an chanúint sin a tharraingt orm thar na canúintí eile.
AMM: Chonaic mé go raibh tú tar éis alt a dhréachtú faoi chaighdeán ar leith do Ghaeilge Chúige Uladh.
PH: Cha rabh ann ach tuairimíocht, go bunúsach - ballaíocht a thug mé ar an chuma a bheadh ar chaighdeán Uladh dá mbíodh bunadh an Tuaiscirt lena leathbhreac a chur ar bun. B’é príomhphointe an dréachta sin ná súil na ndaoiní a tharraingt ar comh tábhachtach a bheadh sé comhréir agus dul na bhfocal a staidéar agus a chaighdeánú, in áit a bheith ag sílstint an dúrud, abair, d’fhoirmeacha canúnacha an bhriathair, cosúil le “gheibh” nó “tchí”. Is cuimhneach liom gur ‘úirt Breandán Ó Buachalla in agallamh ínteacht fadó ná go bhfuil taighde agus staidéar na Gaeilge go mór faoi bhrú na “fileolaíochta” - nó na focleolaíochta, philology, Philologie - na focleolaíochta Gearmánaí, agus barraíocht béime ar staidéar na bhfocal is na ndíochlaontaí, seachas staidéar na comhréire agus na habairte. Agus le Gaeilge mhaith a fhoghlaim a shásóchadh an cainteoir dúchais, caithfidh tú an chomhréir agus dul na cainte a thabhairt leat go foirfe. Bítear a rádh gurb é an locht atá ar an Ghaeilge oifigiúil ná “an canúnachas mícheart” - is é sin, nach mbíonn na leabhartha scoile, mar shampla, inléite ag na cainteoirí dúchais cionn is go mbíonn siad scríofa “ins an chanúint mhícheart”. Le fírinne, is é an locht is mó atá orthu ná nach bhfuil blas na Gaeilge dúchasaí - is é sin, comhréir agus dul focal na Gaeilge dúchasaí - ar na leabhartha sin. Chonaic mé leabhartha Gaeilge fosta a bhí scríofa i gcanúint ar leith, mar dhea, ach ó tharla go mbíodh an chomhréir curtha ó mhaith ag na gnáthbhotúin, bhí siad lán comh doléite le haon drochleabhar scoile ins an Ghaeilge Chaighdeánta.
AMM: Labhraímis fós ar Ghaeilge Chúige Uladh. Ní féidir an t-imprisean a sheachaint go bhfuil meas mór agat ar litríocht an chúige freisin.
PH: Tá. Tá cineál faltanais agam do Mháirtín Ó Cadhain a d’úirt go mba chóir droim láimhe a thabhairt le Séamus Ó Grianna, a chuid scríbhneoireachta agus a fhriotal liteartha. Gidh go bhfuil a chuid den cheart acu siúd a deir go bhfuil “Máire” rómhaoithneach, tá mé míshásta le comh héagórach is a chaith na léirmheastóirí leis. Mar shampla, siúd is go bhfuil ardmheas agam ar Ghearóid Denvir mar scríbhneoir agus mar Ghaeilgeoir, - bhí sé ar cuairt ins an Fhionlainn le déanaí le léacht a thabhairt uaidh fá dtaobh de scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain - tá mé inbharúla nach dtug sé a cheart do “Mháire” riamh. Is é Alan Titley an t-aon léirmheastóir amháin a thuig cad é atá eadar lámhaibh ag Séamus Ó Grianna dáiríribh.
AMM: Bhuel, an bhféadfása a insint dúinn céard atá “idir lámhaibh” ag mo dhuine?
PH: Bhí an chuid sin den cheart ag Gearóid gur scéalta maoithneacha iad scéalta Mháire, ach ins an am sin, dealraíonn sé nár bhac sé le hoiread is ceann amháin acu a chríochnú. Is é an rud atá “Máire” a dhéanamh ná scéalta rómánsúla maoithneacha a chumadh, de réir múnla a d’fhoghlaim sé, abraimis, ó scríbhneoirí an tsaoil mhóir - agus an talamh a bhaint faoin rómánsúlacht sin le siosmaid an fhir thuaithe nach dtug iomlán na creidiúna riamh d’aislingí an tsaoil mhóir sin. D’fhoghlaim sé múnla liteartha na rómánsúlachta is an mhaoithneachais ón tsaol mhór, ach ins an am chéadna, bhí an tuigse dhuairc, chiallmhar, chiniciúil aige ar chúrsaí an tsaoil, bhí a fhios aige nach rabh aislingí an mhaoithneachais ag cur le fírinne ná le réaltacht an tsaoil.
Is é sin, thuig sé go bhfuil na mothachtálacha móra, ar nós an ghráidh, go bhfuil siad ag roinnt le gach duine, eadar uasal agus íseal, gur cuid den chinniúint uiledhaonna iad, agus go bhfuil taghd an ghráidh ins achan duine. Ins an am chéadna, bhí a fhios aige nach mb’acmhainn do na daoiní bochta, daoiní bochta na Gaeltachta a mb’iad a mhuintir féin iad, nach mb’acmhainn do na daoiní bochta an taghd sin a leanstan, comh bocht is a bhí siad. Bhí an dá Mháire ann, an scríbhneoir maoithneach a thuig go bhfuil féith an mhaoithneachais i gcroí gach duine, muintir na Gaeltachta ins an áireamh, agus an fear ciallmhar Gaeltachta a thuig nach rabh ins an rómánsúlacht, i ndeireadh an scéil, ach aisling, nóisiún nua-aimseartha nach rabh ag cur le saoltaithí ná le saolchoinníollacha mhuintir na Gaeltachta.
AMM: An bhfuil a dhath á léamh agat as Gaeilge faoi láthair?
PH: An bhfuil an Pápa ina Chaitliceach? Déanta na fírinne, tá i bhfad barraíocht á léamh agam as Gaeilge. Béaloideas is mó a bíos ann, ós rud é go bhfuil blas agus friotal na Gaeltachta de dhíth orm le haghaidh mo chuid scríbhneoireachta. Le déanaí, áfach, chinn mé ar chupla aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin a léamh - Artemis Fowl agus Harry Potter - agus gidh go dtáinig mé trasna ar chupla botún gramadaí, cha dtig liom a rádh nach mbeadh taithneamh bainte agam as na leabhartha sin, mar Ghaeilge. Bhí siad go han-mhaith, an chuid is mó díofa, agus deirim leat gur fhoghlaim mé focail agus teilgeanacha cainte nua astu i ndiaidh an iomláin. Is beag locht a gheobhainn ar Mháire mar aistritheoir, fríd is fríd.
AMM: An gcreideann tú go bhfuil litríocht mhaith á scríobh as Gaeilge i láthair na huaire?
PH: Bhail, is deacair freagra ceart a thabhairt ar cheist den tseort sin. Más é an rud atá tú a mhaíomh ná an litríocht ardealaíonta, is dócha nach é sin an rud is mó atá de dhíobháil ar lucht na Gaeilge ar na saoltaibh seo. Tá Joe Steve Ó Neachtain ina scéalaí mhaith, agus lón deas léitheoireachta ins na húrscéalta ramhra sin a d’fhoilsigh sé cupla bliain ó sin. Is é an bharúil atá ag fir is fearr ná mé féin gurb é sin an cineál litríochta is mó atá ag teastáil uainn mar lucht na Gaeilge, is é sin, scéalta atá suite i dtimpeallacht dhúchasach na hÉireann agus léitheoirí an lae inniu ábalta iad féin a aithne ar na carachtair. Maidir le Maidhc Dainín Ó Sé, is scéalaí maith eisean comh maith, ach is leasc liom a chuid scríbhneoireachta a mholadh d’aon duine, nó tá ábhar cineál mífholláin ann. Is é sin, nílim a rádh nach bhfuil cúis mhaith ag na hÉireannaigh le bheith mímhuiníneach as na Sasanaigh, ach tá mé barúlach gur bolscaireacht uafásach atá eadar lámhaibh ag Maidhc Dainín ins an leabhar udaí “Lilí Frainc”. Chuir an ceann sin samhnas orm dáiríribh. Ón taoibh eile de, thaitin A Thig Ná Tit orm go mór mór liom. Chuala mé go bhfuiltear ag baint úsáide as an cheann sin i dteagasc na Gaeilge ins na scoltacha anois, agus is maith an rud é sin. Cuid de shaoltaithí náisiúnta na hÉireann é saoltaithí na himirce, agus creidim go bhfuil cuid mhór de na daoiní óga féin ábalta a gcuid féin a dhéanamh de chuimhní cinn sin Mhaidhc Dainín.
AMM: Nuair nach mbíonn tú ag léamh leabhar Gaeilge, céard a bhíonn tú a dhéanamh de ghnáth? Tuigim go bhfuil an-suim agat i rudaí éagsúla, agus an freastal a dhéanann tú ar an Vicipéid.
PH: Tá. Sílim gur dual domh bheith i mo chiclipéideoir, nó sula dteachaigh mé leis na teangthacha ar aon nós, chuir mé spéis ins an cheimic agus ins an fhisic. Chaith mé laetha mo dhéagóireachta ag léamh leabhartha ollscoile fán cheimic. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, nuair a chuaigh mé a dh’fhoghlaim ceimice ar leibhéal na hollscoile, tuigeadh domh nach rabh mórán suime agam ins an mhatamaitic. An oiread matamaitice a bhí le foghlaim le bheith i do cheimiceoir, bhail, fuair mé go rabh barraíocht ann. Is dócha go bhféadfainn an chuid riachtanach den mhatamaitic a fhoghlaim dá gcuirfinn caol orm í a fhoghlaim, ach ó tharla go rabh na leabhartha ceimice léite agam cheana féin in aois an déagóra, ní rabh taithí ceart oibre agam. A ghlanmhalairt ar fad, bhí mé ina thaithí go rabh gach seort ar eolas agam cheana féin, i gcruth is nach gcaithfinn mo chuid ama a chur amú ag fuascailt cothromóidí. Thairis sin, b’fhuath liom an tsaotharlann. Bhíodh an fhuil ag éaló as mo chloigeann agus sinn inár seasamh timpeall i saotharlann na ceimice, agus ba bheag an taithneamh a bhain mé as na cneácha a d’fhág na haigéid ar mo lámha. Mar sin féin, an oiread den cheimic agus a d’fhoghlaim mé i mo dhéagóir domh, cha dtearn mé dearmad daoithi riamh, agus is mór an cuidiú liom í anois leis an obair atá eadar lámhaibh agam ar an Vicipéid. Thairis sin, bím sáite i leabhartha fá dtaobh den réalteolaíocht, fosta. Gidh nach bhfuil an mhatamaitic sin agam ach an oiread, creidim go dtig liom an chuid eile den scéal a chur in iúl go sásúil as Gaeilge.
AMM: Mar sin féin, is dócha go gcuireann sé frustrachas ort scaití bheith ag cur leis an Vicipéid Gaeilge, agus an chuid eile de na Vicipéideoirí chomh dall ar an teanga nach bhfuil siad in ann abairt intuigthe a chur i dtoll le chéile. Chaith mise corrspléachadh ar an Vicipéid, agus is deacair a shéanadh go bhfuil an chuid is mó den chiclipéid ina praiseach le deargsheafóid nach bhfuil ach bréagchuma na Gaeilge uirthi.
PH: Is deacair, ach tá mé ag déanamh mo dhichill mar sin féin. Is iomaí uair a thig an frustrachas ar an Ghaeilgeoir ar an tsaol seo, ach ní féidir tabhairt isteach dó. Tá súil agam go n-éireochaidh leis an Vicipéid ins an deireadh thiar thall tuilleadh cainteoirí líofa a earcú agus fios a ngnoithe acu.
AMM: Anois, ba mhaith liom cupla ceist a chur ort faoi do shaol pearsanta, más ceadmhach dhom. Is minic a deirtear gur fear óg thú, ach tuigim go bhfuil tú ag druidim isteach leis an dá scór cheana féin, nach bhfuil?
PH: Le fírinne, shlánaigh mé an dá scór ar an 17ú lá de Mhí na Samhna.
AMM: Fear meánaosta!
PH: Fear meánaosta. Thairis sin, is amhlaidh go bhfuair mo mháthair bás faoin am céanna, ar dheis Dé go rabh sí.
AMM: Go díreach. An raibh tionchar mór aici ar do shaol, is é sin, ar do chuid Gaeilgeoireachta mar shampla?
PH: D’fhéadfá a rádh. Is fíor go rabh sí cineál drochamhrasach i dtaoibh na Gaeilge, ach mar sin féin, is dóigh liom gurb uaithi a tháinig an claonadh chun teangeolaíochta. Is cuimhneach liom uair amháin, agus sinn ag dearcadh ar chomórtas amhrán na hEoraifíse ar an teilí. Bhí sí ag cur spéis ar leith in amhrán Mhálta, le fáil amach cén cineál teanga a bhí ann mar Mháltais. Tá a fhios agat gur teangaidh mheasctha as an ghnáth atá ann, canúint Araibise atá comh breac le focail iasachta ón Iodáilis agus ón Bhéarla is gur deacair an dúchas Seimíteach a aithne a thuilleadh. Bhail, uaithise a d’fhoghlaim mé, b’fhéidir, gur féidir agus gur fiú spéis a chur ins na teangthacha ar a son féin.
AMM: Ní maith liom do thrioblóid, a mhac. Caithfidh sé go raibh tú go mór faoi mhéala.
PH: Bhí mé go mór faoi mhéala, nó gidh go mbíodh Mamaí ag éileamh ó am go ham le cupla bliain anuas, char tuigeadh domh go rabh sí comh dona sin. Le maolú ar an mhéala seo, thug mise agus mo chailín lámh is focal dá chéile go gairid ina dhiaidh sin. Anois, tá muid geallta dá chéile, agus le cuidiú Dé, beidh Gaeilge mhaith foghlamtha aicise nuair a thiocfas muid go hÉirinn le mí na meala a chaitheamh ansin.
AMM: Creid uaim go mbeidh fáilte mhór romhaibh!