D’imigh duine de mhórscríbhneoirí comhaimseartha uainn, mar atá, John McGahern. B’é mo thuairim riamh go raibh sé ar duine de na húdair is “Gaelaí” i litríocht chomhaimseartha na hÉireann, cé go raibh sé ag scríobh i mBéarla. Ar bhealach, bhí mé riamh in ann an Ghaeilge a aithint agus a mhothú faoi chlúdach an Bhéarla, agus d’airigh mé uaim aistriúcháin Ghaeilge ar a chuid saothar, go háirithe The Leavetaking agus Amongst Women. Na daoine ar Amongst Women, is daoine de do chuid agus de do mhuintir féin iad, seachas Éireannaigh stáitse. Cuid mhór den litríocht is fearr dá bhfuil ann i mBéarla na hÉireann, tá an locht uirthi nach bhfuil sí ag iarraidh tráchtaireacht a dhéanamh ar shaol na hÉireann ar mhaithe leis na hÉireannaigh, ach ag labhairt leis na léitheoirí eachtrannacha ina dteanga siúd - is é sin, i mBéarla idirnáisiúnta, in ionad Bhéarla na hÉireann - agus ag baint leasa as steiréitíopaí stáitse de mhuintir na hÉireann. Tá McGahern ar an mbeagán nach bhfuil ag tabhairt cur síos ar eachtraí na nÉireannach stáitse, ach ag tarraingt pictiúirí beo dár muintir féin a aithneoidh muid ar an toirt. Agus sin é an fáth féin gur scríbhneoir ar scála domhanda é, seachas an chuid eile acu.

Suaimhneas síoraí dá anam.