Cailleadh David Ervine tamall beag ó sin, ach, ar an drochuair, ní bhfuair mé am le mo thuairim féin faoin bhfear a bhreacadh síos roimhe seo. Is léir agus is follas go bhfuil buíochas tuillte ag Ervine, chomh maith leis an bhfear ba mhó a d’fhág a lorg air, mar atá, Gusty Spence, as an gcur chuige nua a thug siad isteach i ndíoscúrsa na hAontachtóireachta agus na Dílseoireachta. San am céanna, áfach, ní foláir cuimhneamh ar a raibh le rá ag Steve Bruce, saineolaí thar na saineolaithe ar mheon na bProtastúnach in Ultaibh, ina leabhar suimiúil The Edge of the Union - The Ulster Loyalist Political Vision: ní raibh na gnáthsceimhlitheoirí Dílseacha ródhíograiseach faoi aislingí polaitiúla Gusty Spence ná David Ervine féin, nó ní dheachaigh siad sna sceimhlitheoirí le ceachtanna polaitíochta a fhoghlaim, ar an gcéad ásc, ach lena muintir a chosaint ar choinscleo na bhFíníní. Is é an tuiscint pholaitiúil a bhí ag na Dílseoirí ar a gcás ná go raibh siad á n-ionsaí ag na Caitlicigh, díreach mar a bhí an Impireacht á hionsaí ag na Naitsithe tráth den saol, agus go rabhthas ag súil leo go gcuirfidís in aghaidh an “ionsaitheora”. Is é an freagra a thug siad do Ghusty Spence ná nach raibh ina chuid aislingí-sean ach seafóid gan tábhacht, gan úimléid, gan substaint. Is é an dearcadh do-athraithe a bhíonn ag na Dílseoirí ná nach bhfuil in aislingí nua polaitiúla den chineál a bhíodh ag Spence agus ag Ervine ach cathú an Diabhail. Tá solas na fírinne feicthe acu cheana féin, agus má fhéachann saoi samhlaíoch saibhirsmaointeach cosúil le duine den bheirt sin idéanna nua a chur faoina mbráid, is é an t-aon chiall is féidir leo a bhaint as ná go bhfuiltear ag iarraidh iad a bhréagadh i dtreo comhréitigh éigin. Agus tá a fhios againn nach bhfuil siad in ann oiread is orlach (not an inch) a ghéilleadh (no surrender), agus gurb é an dubheiteach freagra Uladh (Ulster says no). Le comhréiteach a dhéanamh, caithfidh tú bheith géilliúil, agus is í an ghéilliúlacht an peaca is tromchúisí i gcreideamh Protastúnach an Tuaiscirt.