Arm Rúnda na Gaeilge - leis an nGinearál Aoidhmín Mac Mórna

Brian Ó Comhain - Scuab Nua?
Ansin, tháinig Taoiseach nua i mbun na cumhachta. Cé leis a bhfuil muidne, lucht na Gaeilge, ag súil uaidh? Ar aon dul, is féidir linn a rá gur duine againn é, ós rud é go bhfuil sé ar an mbeagán polaiteoirí sa tír seo a bhfuil líofacht na Gaeilge acu. Sa bhreis air sin tá a chlann ag freastal ar Ghaelscoil. Ar ndóigh, tá dóchas éigin agam as, nó is eisean an chéad Taoiseach a bhfuil líofacht na teanga aige le fada an lá agus é sásta an teanga a labhairt freisin.

Níl mórán cur amach agam ar cheisteanna na sochtheangeolaíochta, ach is é an chiall a bhain mé as an gcupla leabhar a léigh mé faoi na cúrsaí sin agus as an gcaidreamh a bhí agam le lucht na ceirde - ár gcara Fionlannach san áireamh - ná gurb é an stádas a shocróidh gach uile shórt. Is é sin, teanga a bhfuil stádas agus seasamh mór aici sa tsochaí, foghlaimeofar í, agus teanga nach bhfuil, dearmadfar agus dífhoghlaimeofar í. Céard a shocróidh an stádas? Bhuel, má bhacann na maithe is na móruaisle an teanga a labhairt leis an gcóip agus leis an gcosmhuintir, beidh fad saoil ag an teanga, nó is dual don chosmhuintir aithris a dhéanamh ar nósanna na maithe is na móruaisle, a dteanga-san san áireamh.

Ar ndóigh, ní hionann stádas agus stádas. Nuair a bhí Éire faoi chois na nGall fós, bhí dhá chineál stádas ann. Bhí na Gaeil druidte amach ón tsochaí phoiblí oifigiúil ina raibh an Béarla á labhairt. Mar sin, ní raibh gach Gael sásta dearcadh ar bhodaigh an Bhéarla mar dhaoine arbh fhiú aithris a dhéanamh orthu. Ba é Dónall Ó Conaill ba mhó a chas an taoide. D’fhéadfá a rá gur sórt “duine móruasal de chuid na nGael” a bhí ann de réir gach caighdeán. Is é sin, ba é an chéad “mhóruasal Gaeil” é. Iad siúd féin nach raibh sásta aithris a dhéanamh ar nósanna teanga na n-uasal Gallda, fuair siad go gcaithfidís aithris a dhéanamh ar nósanna teanga Dhónaill Uí Chonaill, ós rud é gur “maith agus móruasal Gaelach” a bhí ann.

Anois, tá Taoiseach againn atá sásta an teanga a labhairt os comhair an tsaoil mhóir. Is é sin, duine de na maithe is na móruaisle. Ní déarfainn go gcuirfidh sé sinn uile ag labhairt na Gaeilge, ach ar a laghad, is é an cineál duine a theastaíonn uainn leis an teanga a choinneáil i mbéal na ndaoine.

Beannachtaí an Lae…beagáinín ródhéanach!
Ar chúiseanna nach raibh neart agam orthu, níorbh fhéidir liom scríobh sa bhlag seo in am. Tá súil agam go raibh Lá Fhéile Pádraig faoi mhaise agaibh uile.

Slán le Comhar
Anocht is uaigneach Éire na nGael, nó caithfidh muid slán a fhágáil ag an iris mhíosúil Comhar go deo. Bhain Foras na Gaeilge an maoiniú den iris i ndeireadh na bliana 2007.

Ní féidir a rá nach mbeadh súil agam leis an gcinneadh seo, ach mar sin féin, is mór an trua é go bhfuil Comhar ag imeacht de dhroim an tsaoil. Sampla is ea é seo den dóigh a mbímid, mar lucht na Gaeilge, ag snámh in aghaidh na heasa: fiú na buanna a d’éirigh linn, ní mhaireann siad ach seal, agus na meáin sheanbhunaithe féin, is dual dóibh imeacht. Go bunúsach, is é an fhadhb nach féidir linn gabháltais nua a dhéanamh, mar a léirigh scéal Cuisle lena lá, ná an fronta a choinneáil ina shean-áit, mar a léiríonn scéal Comhar inniu. Cúis bhróin dom ab ea é scéal Cuisle lena lá, arae bhí mé riamh den tuairim gur coincheap úr spéisiúil a bhí ann. Is é an tátal a bhain mé as bás Cuisle go raibh an Ghaeilge go dona as i ndáiríre, ó nár éirigh linn léitheoirí nua a bhladar i dtreo na teanga fiú le hiarracht chomh cliste sin, agus ba dhóbair dom éirí as obair na Gaeilge scun scan.

Mar sin féin, níl an dara suí sa bhuaile againn ach streachailt linn gan Comhar anois. Ar a laghad, tá obair mhaith á déanamh ag lucht Beo!, agus súil agam go mbeidh fáilte acu roimh aon duine a bheadh ag scríobh ar Comhar dá mbeadh sé ann feasta.

Forógra an Airm Rúnda
1) Tábhacht na Gaeilge

Glacaimid leis go bhfuil tábhacht leis an nGaeilge i saol na hÉireann ar na cúiseanna seo leanas:

Is í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann. Tháinig an stát chun saoil ar an gcéad ásc leis an teanga a choinneáil beo agus leis na háiseanna a sholáthar a choinneodh an teanga beo. Má fhaigheann an Ghaeilge bás, ní bheidh gá le stát na hÉireann a thuilleadh, agus beidh sé chomh maith againn ár neamhspleáchas a thabhairt suas agus ceist a chur ar rialtas na Ríochta Aontaithe, an bhfáilteoidh siad ar ais sinn.

Is dual do gach tír teanga ar leith a bheith aici agus cúram ar leith a dhéanamh den teanga náisiúnta. Má thugann na Gaeil aire dá dteanga, ní rud as an ngnáth é san Eoraip. Is é an rud as an ngnáth nach dtugann siad an aire chuí dá dteanga. Is iomaí sin tír san Eoraip a bhí ar tí a teanga a chailleadh, agus a rinne a dícheall leis an tseanteanga a athbheochan agus a fhorbairt le teanga chumasach chultúrtha a dhéanamh di. Má dhéanaimid ár ndícheall le teanga ár sinsear a chur ar ais i mbéal na ndaoine, ní cúis náire dúinn é.

Cuid de chomhoidhreacht chultúrtha na hEorpa í an Ghaeilge, agus í ag teastáil ó na hEorpaigh eile dá réir sin. Caithfimid a bheith ábalta an tseoid luachmhar seo a roinnt le muintir na Mór-roinne agus iad á lorg uainn.

Cuid de litríocht na hÉireann litríocht nua-aoiseach na Gaeilge ó Mháirtín Ó Cadhain go Dónall Mac Amhlaigh, ó Phádraic Ó Conaire go Pádraig Ó Baoighill, ó Eoghan Ó Tuairisc go Maidhc Dainín Ó Sé. Tá sé de cheart ag ár gclann, agus iad ag déanamh a mbealaigh isteach sa saol, aithne a fháil ar an taobh seo d’eispéireas na hÉireann san fhíchiú haois. Níor chóir litríocht na Gaeilge ná amhránaíocht na Gaeilge a cheilt orthu.

2) An Ghaeilge agus lucht na hinimirce

Is le lucht na hinimirce féin an Ghaeilge. Tháinig siad anseo ar lorg oibre agus dídine, agus iad ag iarraidh éirí clóite leis an tír seo, ár gcultúr a thuiscint agus aithne a fháil orainn, na hÉireannaigh. Is dual dóibh suim a bheith acu ionainn, inár saol, in imeachtaí ár dtíre, agus i gcultúr ár dtíre. Cuid thábhachtach dár gcultúr an Ghaeilge, agus cuid ghníomhach í freisin. An strainséir a fhoghlaimeoidh an Ghaeilge, beidh sí mar ghléas oibre aige le tuilleadh a fháil amach faoinár saol agus faoinár ndúchas, agus beidh ciall agus tuiscint aige dúinn.

Is é ár ndualgas, mar shaighdiúirí in Arm Rúnda na Gaeilge, an teanga a choinneáil in aice láimhe don strainséir. An cheist a chuirfidh sé orainn faoin nGaeilge, caithfimid í a fhreagairt  go múinte béasach. Más léir dúinn go bhfuair sé eolas mícheart ó naimhde na Gaeilge, is é ár ndualgas é a chur ar bhealach a leasa go foighneach fadfhulangach.

Is é ár ndualgas, mar shaighdiúirí in Arm Rúnda na Gaeilge, gach sórt ciníochais agus biogóideachta a sheachaint. An duine a bheidh ag baint a leasa féin as an nGaeilge le ciníochas nó biogóideacht a scaipeadh, is é ár namhaid é. Caithfimidne, mar shaighdiúirí in Arm Rúnda na Gaeilge, an teanga a úsáid le spiorad na cairdiúlachta, na croíúlachta agus na cothromaíochta a scaipeadh i measc na ndaoine.

Is é ár ndualgas féachaint chuige go mbeidh ranganna Gaeilge ar fáil do lucht na hinimirce go forleathan, go mbeidh Gaeilge den chéad scoth á múineadh ansin agus go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ag an muintir isteach chomh minic agus is féidir, ionas go gcuirfidh siad suim nádúrtha sa teanga.

3) Feabhas na Gaeilge

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge uair an chloig a chaitheamh gach lá ag foghlaim na teanga.

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge a dhicheall a dhéanamh le féachaint chuige go mbeidh a chuid Gaeilge inghlactha ag muintir na Gaeltachta chomh maith le lucht léinn na Galltachta.

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge dianstaidéar a dhéanamh as a stuaim féin ar litríocht na scríbhneoirí ar cainteoirí dúchais iad leis an teanga a fhoghlaim chomh foirfe agus is féidir.

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta le bheith in ann gnáthearráidí teanga na Galltachta a sheachaint agus na modhanna labhartha agus na teilgeanacha cainte a roghnú nach aistriúcháin iad ar an mBéarla.

4) Úsáid na Gaeilge

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge a shaol a chaitheamh as Gaeilge, an oiread agus is féidir. Caithfidh sé an teanga a úsáid ina chaidreamh agus ina chumarsáid le gach duine eile a bhfuil sí aige agus triail a bhaint aisti le gach aitheantas nua.

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge bheith múinte béasach leis na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, ionas go bhfágfaidh sé an t-imprisiún orthu gur daoine lácha cineálta iad lucht na Gaeilge, agus gur fiú an teanga a fhoghlaim le teacht i dteagmháil le lucht a labhartha.

Caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge tacaíocht a thabhairt do chultúr na Gaeilge. Má osclaítear foirmeacha nua cultúir nó popchultúir don Ghaeilge, caithfidh gach saighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge tábhacht na hoscailte sin a thuiscint, fiú más foirm chultúrtha atá i gceist nach dtaithníonn leis go pearsanta.

Caithfidh gach saighdiúir feabhas a chur ar a chuid Gaeilge féin gan stad gan staonadh gan mhórchónaí, ionas go n-aithneoidh sé an dea-Ghaeilge thar an droch-Ghaeilge. Caithfidh sé dea-Ghaeilge a scríobh is a labhairt é féin, ach san am sin, caithfidh sé suáilce na foighne a chleachtadh i leith droch-Ghaeilge ó dhaoine eile, ionas nach rachaidh sé ag ceartú a mbotún siúd murar bac ar an tuiscint iad. Má iarrtar cúnamh agus comhairle air i gcúrsaí na dea-Ghaeilge, caithfidh sé cabhrú leis na daoine eile faoi chroí mór maith.

Focal Scoir

Aon duine a ghlacfaidh leis an bhForógra seo mar réalta eolais ina shaol féin, tá sé ina shaighdiúir in Arm Rúnda na Gaeilge, fiú murar chuala sé iomrá ar an Arm riamh.

NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE!

Aoidhmín Mac Mórna, Ginearál Arm Rúnda na Gaeilge

Náisiúnachas in aghaidh an Naitsíochais
Ar mo chamchuairt ar fud an Ghréasáin, tháinig mé trasna ar bhlag a chuir déistin gan a leithéid eile orm. Mar a thuig mé an scéal, Sasanach a bhí á scríobh, agus é ag moladh dá chuid comh-Shasanach Gaeilge a fhoghlaim. An dea-scéal é seo, dar libh? Sa chás seo, déarfainn nach bhfuil. Nó is amhlaidh go raibh an duine seo - bhuel, le bheith beacht barainneach, ní chreidim go raibh sé ina Nua-Naitsí amach is amach. Is dócha go raibh sé idir eatarthu idir an Nua-Naitsíochas glan agus an Coimeádachas Sasanach den chineál a shamhlófá le hEnoch Powell. Dealraíonn sé go raibh mo dhuine ag iarraidh comhghuaillíocht a chur ar bun idir “náisiúnaithe” Sasanacha agus náisiúnaithe Éireannacha, agus go raibh an Ghaeilge mar chuid den scéim seo aige.

Fágaim a chuid tuairimí i leith chúrsaí an chine i leataobh, nó is léir iad do chách roimh ré. Le fírinne, níl barúlacha láidire agam féin i leith cheist na hinimirce. Go ginearálta, déarfainn gur chóir srianta ciallmhara a choinneáil leis an inimirce, is é sin, féachaint chuige go bhfuil cead ag an duine ionraic cur faoi sa tír, bac a chur le daoine a bhfuil teist an choirpigh agus an sceimhlitheora orthu, agus mar sin. Níl mé in aghaidh an ilchultúrachais, ach san am céanna, is dóigh liom gur chóir dúinn ár gcultúr féin a chur ar fáil do na hinimirceánaigh, an Ghaeilge san áireamh. Ní chreidim go mbainfidh siad féin mórán suilt nó foghlama as mar shaoltaithí má bhíonn siad ag maireachtáil ina gcuid geiteonna féin, in áit aithne cheart a fháil ar an tír spéisiúil seo ina bhfuil cónaí orthu. An Cuirdíneach a tháinig go dtínár dtír-ne le teacht slán ón ngéarleanúint, tá mé suite siúráilte gurb eisean an duine is fearr a thuigfidh tábhacht na Gaeilge do mhuintir na hÉireann agus go bhfuil scéalta le hinsint aige ar fiú iad a bhreacadh síos sa Ghaeilge, le cur le saibhreas na litríochta Gaeilge.

Is cuma faoin inimirce, mar sin - creidim gurb í an phragmatúlacht an leigheas is fearr ar na fadhbanna sóisialta a théann léi, agus go bhfuil sé d’fhreagracht orainn féin, ar lucht na Gaeilge thar aon dream eile, féachaint chuige go gcoinneofar na fadhbanna sin íosmhéidithe. Scríobh mé roimhe seo faoin nGaeilge mar eochair an dúchais Éireannaigh i lámh an inimirceánaigh, agus níl mé le oiread is leathfhocal a bhaint den iontráil sin ná a chur léi. Tá sé i bhfad níos spéisiúla súil an náisiúnaí Éireannaigh a chaitheamh ar “náisiúnachas an chine ghil”.

Is é an dearcadh atá ag mo dhuine ná nach bhfuil i gceist Thuaisceart Éireann ach fadhb bhréige, agus gur chóir don dá chine cur le chéile in aghaidh na n-inimirceánach atá ag bagairt dhúchas an dá stát in Éirinn. Bhuel, ar dtús, tá a fhios ag cách gurb iad na Polannaigh an dream is feiceálaí atá ag socrú síos in Éirinn i láthair na huaire, agus is deacair a rá gur bagairt iad ar dhúchas na hÉireann. Is Caitlicigh iad, agus bhí siad na blianta fada faoi smacht ag a gcuid comharsana láidre. Bhuel, ní dhéarfainn go bhfuil siad ródhifriúil leis na hÉireannaigh, i ndiaidh an iomláin. B’fhéidir go bhfuil siad cineál coimeádach i ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, ach is rud nádúrtha é sin, agus b’olc an seanadh a bheith ina dhiaidh sin orthu. Ní doiligh liom féin a gcás a thuiscint, ar a laghad, cé nach coimeádach mé féin.

Ach, thairis sin, is fíor-fhadhb í an Chríochdheighilt, agus ní leigheasfaidh focail mhealltacha an tSasanaigh í. I ndiaidh an iomláin, má tháinig maolú éigin ar an bpian a mhothaímid i gcneá na Críochdheighilte, níl ann ach cneas thar ghoimh. Tar éis an tsaoil, mharaigh na sceimhlitheoirí Protastúnacha daoine dár gcuidne thuaidh. Phléasc siad buamaí i mBaile Átha Cliath féin, dar Dia! Fuair daoine muinteartha de mo chuid féin bás ó lámh Chlann Liútair thuaidh. Agus ansin, tá sé de cheanndánaíocht ag an Sasanach suarach seo a rá nach bhfuil substaint ar bith ag baint le goimh an Tuaiscirt mar fhadhb!

Scéal eile fós. Dúirt an Gall bradach seo ina bhlag nárbh iad lucht rialtais Shasana a tharraing an Drochshaol anuas ar Éirinn. (le blas galánta Sasanach:) Oh, really? Thug sé le fios nach bhfuil sa scéal sin ach píosa bolscaireachta de chuid na gCumannach. Anois, a Ghaill ghil, fan go n-insí mé duit: ní píosa bolscaireachta de chuid na gCumannach atá ann ach lomlán na fírinne, agus dá mbeimis féin i gceannas ar ár dtír féin an lá sin, ní bhfaighfeadh an oiread sin daoine bás, agus thar aon rud eile, bheadh an Ghaeilge beo breabhsánta i gcónaí, agus í le cloisteáil go nádúrtha ó Thigh Mhóire go Donncha Daoi. Bí ag stealladh do chuid scéalta faoi bhagairt na gcoimhthíoch, ach a fhad is nár aithin tú cneácha móra na staire Éireannaí mar ba chóir, a fhad is a mhaireann tú ag déanamh a bheag díobh, creid uaim nach sínfidh mise mo lámh i do threo.

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin: níl aon mhaith i “náisiúnachas an chine ghil” mar náisiúnachas, agus ba chóir do na fíor-náisiúnaithe Éireannacha fanacht i bhfad siar uaidh - fiú ar chúiseanna náisiúnachais. An “cine geal” a bhfuil na hamadáin sin ag “oibriú ar a shon”, níl ann ach an cine geal Gallda. Is fearr liomsa i bhfad mo chara Muslamach a tháinig anseo le héalú ón ansmacht ina thír dhúchais féin, agus é ag tógáil na Gaeilge go seoigh cheana féin.

Sinn Féin ar an mbealach ceart
Tá Sinn Féin ag tacú leis na péas sa Tuaisceart. Ní mór dhom mo thuairim féin a chur i míotar: is maith an rud é seo agus is fada a bhí mé ag fanacht leis. Is éard a theastaigh uaimse riamh ná go n-éireodh na Poblachtánaigh as an dearcadh bréagréabhlóideach nach bhfuil ann tar éis an tsaoil ach an stiúir bhréige a ligeann gach ógánach meánaicmeach air féin ar na saolta seo. In áit a bheith ag crochadh seanamhráin ó na Seascaidí faoi na péas mar arrachtaigh Fhaisisteacha, caithfidh siad a chinntiú go mbeadh na péas ag cosaint cheart na gCaitliceach ar na sceimhlitheoirí Dílseacha agus ar an saol coiriúil a bhfuil dlúthbhaint acu siúd leis.

Bás David Ervine agus todhchaí an Tuaiscirt
D’fhiafraigh Fearn díom, an cailliúint do shaol polaitiúil na hÉireann é bás Ervine. Déarfainn go bhfuil, nó tá polaiteoirí Aontachtacha a bheadh sásta tacú le Comhaontas Aoine an Chéasta ag rith gann, agus anois, ó tá Ervine imithe, dealraíonn sé go bhfuil an sos cogaidh féin ar an dé dheiridh.

Is é mo thairngreacht féin ná go gcromfaidh na Dílseoirí ar ais ar an ngleic armtha sa Tuaisceart, ó nach bhfuil mórán lucht síochána fágtha ina measc. Ba chóir do na Poblachtánaigh bheith ullamh don fhéidearthacht sin. Agus má dúirt mé “ullamh”, ní hé an frithionsaí míleata a bhí i gceist agam, ach feachtas polaitiúil - dul i ndáil chomhairle leis na Sasanaigh leis na socruithe riachtanacha polaitiúla a réiteach chun a chinntiú go mbeidh meas an ionsaitheora agus an bhithiúnaigh acu siúd ar na Dílseoirí agus ní ar na Poblachtánaigh nuair a thosóidh an troid. Nuair a cuireadh na saighdiúirí Sasanacha go dtí an Tuaisceart an chéad uair, bhí siad ceaptha leis na Caitlicigh a chosaint ar na Dílseoirí, ach ansin, chuaigh na cúrsaí chun cearmansaíochta orainn ar fad. Anois, in áit buamaí a chur faoi jípeanna na Sasanach, ba chóir féachaint chuige go ndéanfaidís an jab - is é sin, na Dílseoirí a chloí agus na Caitlicigh a chosaint - agus beidh scileanna polaiteoireachta ag teastáil le sin a chinntiú.

Bás David Ervine
Cailleadh David Ervine tamall beag ó sin,  ach, ar an drochuair, ní bhfuair mé am le mo thuairim féin faoin bhfear a bhreacadh síos roimhe seo. Is léir agus is follas go bhfuil buíochas tuillte ag Ervine, chomh maith leis an bhfear ba mhó a d’fhág a lorg air, mar atá, Gusty Spence, as an gcur chuige nua a thug siad isteach i ndíoscúrsa na hAontachtóireachta agus na Dílseoireachta. San am céanna, áfach, ní foláir cuimhneamh ar a raibh le rá ag Steve Bruce, saineolaí thar na saineolaithe ar mheon na bProtastúnach in Ultaibh, ina leabhar suimiúil The Edge of the Union - The Ulster Loyalist Political Vision: ní raibh na gnáthsceimhlitheoirí Dílseacha ródhíograiseach faoi aislingí polaitiúla Gusty Spence ná David Ervine féin, nó ní dheachaigh siad sna sceimhlitheoirí le ceachtanna polaitíochta a fhoghlaim, ar an gcéad ásc, ach lena muintir a chosaint ar choinscleo na bhFíníní. Is é an tuiscint pholaitiúil a bhí ag na Dílseoirí ar a gcás ná go raibh siad á n-ionsaí ag na Caitlicigh, díreach mar a bhí an Impireacht á hionsaí ag na Naitsithe tráth den saol, agus go rabhthas ag súil leo go gcuirfidís in aghaidh an “ionsaitheora”. Is é an freagra a thug siad do Ghusty Spence ná nach raibh ina chuid aislingí-sean ach seafóid gan tábhacht, gan úimléid, gan substaint. Is é an dearcadh do-athraithe a bhíonn ag na Dílseoirí ná nach bhfuil in aislingí nua polaitiúla den chineál a bhíodh ag Spence agus ag Ervine ach cathú an Diabhail. Tá solas na fírinne feicthe acu cheana féin, agus má fhéachann saoi samhlaíoch saibhirsmaointeach cosúil le duine den bheirt sin idéanna nua a chur faoina mbráid, is é an t-aon chiall is féidir leo a bhaint as ná go bhfuiltear ag iarraidh iad a bhréagadh i dtreo comhréitigh éigin. Agus tá a fhios againn nach bhfuil siad in ann oiread is orlach (not an inch) a ghéilleadh (no surrender), agus gurb é an dubheiteach freagra Uladh (Ulster says no).  Le comhréiteach a dhéanamh, caithfidh tú bheith géilliúil, agus is í an ghéilliúlacht an peaca is tromchúisí i gcreideamh Protastúnach an Tuaiscirt.

Clapsholas, nó Fáinne an Lae?
Níor tháinig clár nua Mhancháin Magan ar scáileán an bhosca draíochta fós, ach mar sin féin, is féidir breithiúnas áirithe a thabhairt air cheana féin, ós rud é gur cuireadh sleachtanna de ar an YouTube, agus agallamh le Manchán féin le léamh ar nuachtán éigin de chuid na nGall. Ar ndóigh, ní raibh an diabhal páipéir ábalta an focal “Gaeilgeoirí” a chur i gcló gan dá leath a dhéanamh de - “Gaeilg eoirí” (!)  a rinne siad de. Is é an gnáthléamh a bhaintear as an scéal, sílim - is é sin, go bhfuil an teanga marbh, agus sin a bhfuil de, cuirigí deireadh leis an nGaeilge éigeantach, blah blah blah. Mar sin féin, b’fhearr liomsa, mar is dual don oifigeach a dhéanamh agus a chuid saighdiúirí ag bráiteoireacht, dóchas a chothú in áit an éadóchais.

Tá a fhios againn go léir go bhfuil an Ghaeilge gann in Éirinn, agus is beag an nuacht atá ann. Sna mionsonraí atá cónaí ar Dhia, chomh maith leis an diabhal, mar a dúirt Vladimir Nabokov lena linn. Nuair a chuaigh Manchán in oifig na dturasóirí, bhí an fhoireann míshásta Gaeilge a labhairt leis ar dtús, ach ansin, tháinig “bean óg dheas” ina araicis leis an tsreang a bhaint de mhála na chéad teanga náisiúnta. Bhí sí neirbhíseach faoi fheabhas a cuid Gaeilge, ach tháinig sé chun solais go raibh an teanga go paiteanta aici, dar le Manchán.

Sin í an cailín a chríochnóidh ár gcuid oibre, ise agus a leithéidí.

Is é an rud a chaithfidh muid a dhéanamh, mar ghluaiseacht, ná díriú uirthise agus ar dhaoine óga eile dá cineál. A fhad agus a bheidh cailíní mar í ar fáil, beidh deis éigin againn.

Iarnóta: Bhreac mé síos an méid seo sula raibh an clár feicthe agam ar an teilifís. Ní bhfuair mé aon chúis le mo thuairim a athrú.

Agallamh Ríomhphoist le Panu Hoglund
Tá a fhios ag cách an draíocht a chuir saothar Phanu Hoglund agus a fheachtas pearsanta ar son na Gaeilge orm riamh. Mar sin, chuaigh mé i dteagmháil ríomhphoist leis agus d’iarr air cupla ceist a fhreagairt, ionas go bhféadfainn saghas agallamh a fhoilsiú anseo. Bhí sé chomh hoibleagáideach is go ndearna sé rud orm, agus seo anois toradh ár gcuid oibre. Rinne mé athscríobh agus eagarthóireacht áirithe ar na ríomhphoist anordúla a fuair mé uaidh, le blas an fhíor-agallaimh a fhágáil ar an iomlán. Fuair an méid seo thíos a fhormhuiniú. Rinne mé mo dhicheall gan an blas Ultach a bhaint dá chuid Gaeilge.

Aoidhmín Mac Mórna: Ba mhaith liom cupla ceist a chur ort maidir le do chuid Gaeilgeoireachta.

Panu Hoglund: Ceart go leor, ach ba rogha liom gan na gnáthscéalta a reic aríst. Mar sin, tá súil agam nach iad na ceisteanna a chuireanns achan duine orm a thúisce is a gheobhas siad amach gur Gaeilgeoir ón choigríoch mé. Tá mé bréan breoite, tinn tuirseach, dubh dóite dóthaineach de bheith ag tabhairt cur síos ar an dóigh ar mhuscail mo spéis ins an teangaidh an chéad uair riamh, nó níl a fhios agat chomh minic is a cuireadh na ceisteanna sin orm.

AMM: Mar sin, bímis ag caint faoi chúrsaí na Gaeilge, agus an tsúil atá agatsa orthu.

PH: Is fearr liom i bhfad é sin. Tá mé cineál míshásta nár bhac agallóir ar bith le mo chuid barúlacha i dtaobh an tsaoil Ghaeilge a fhiafraí díom.

AMM: Níl sé deacair é sin a mhíniú. Tuigeann tú go bhfuil sainleasanna dílsithe, vested interests mar a deir an Béarla, i saol na Gaeilge féin, agus go bhfuil drogall ar na daoine cead a bhéil a thabhart d’aon duine nach dtabharfadh aird ar na sainleasanna dílsithe.

PH: An bhfuil tú a rádh go bhfuil faitíos orthu gur mise an páiste a sceithfeas nach bhfuil éadaí ar bith ar an Impire?

AMM: Sin é an rud atá i gceist agam dáiríre. Ach cromaimis ar an gcéad cheist anois.

PH: Sin mar a shílim féin ó am go ham. Mar shampla, ní rabh aon teach foilsitheoireachta Gaeilge sásta m’úrscéal don aos óg a fhoilsiú, gidh go bhfuil an Ghaeilge ann i bhfad níos fearr ná i gcuid de na leabhartha Gaeilge a thig i gcló ó na tithe foilsitheoireachta céadna. Ach ná bímis ag trácht air sin - cha chuireann an scéal sin ach samhnas orm ar na saoltaibh seo.

AMM: Choisc tú orm ceist ar bith a chur ort faoi conas a d’fhoghlaim tú do chuid Gaeilge, ach ní dhúirt tú a dhath faoi cheist a chur ort faoin ngrá atá agat do Ghaeilge Chúige Uladh. Inis dhom mar sin céard a chuir i dtreo an chanúnachais sin thú.

PH: Bhail, is ar éigean a thig leat a rádh go mbeadh Gaeilge Chúige Uladh agam, nó ní hé sin an blas atá ar mo chuid Gaeilge. Thairis sin, níl mé leath comh dáiríribh fá dtaobh den chanúnachas inniu agus a bhí mé, abair, deich mbliana ó sin.  Ní chleachtaím í i mo chuid scríbhinní a thuilleadh, ach amháin ins an bhlag, nó amanta mar sheort cleas magaidh. Agus ní bhíonn mórán ama agam ar na saoltaibh seo cur leis an bhlag, ós rud é go bhfuil mé an-sáite ins an Vicipéid Gaeilge.

AMM: Pé scéal é, cad ina thaobh gur chuir tú an oiread sin suime i nGaeilge Uladh ar an gcéad ásc? Arbh í an chéad chanúint a d’fhoghlaim tú?

PH: A mhalairt ar fad. B’í an chanúint dheireanach a d’fhoghlaim mé. Thiar ins an bhliain 1995, nuair a chuaigh mé ins an liosta ríomhphoist udaí Gaelic-L ar an Eadarlíon, bhí mé díreach i ndiaidh an chéad súil a fháil ar an chanúint. Bhí seort ínteacht Gaeilge agam cheana féin, Gaeilge Chonamara thar aon chineál eile, tharla go mb’í “Learning Irish” le Mícheál Ó Siadhail an chéad téacsleabhar a bhí agam. Thairis sin, léigh mé cuid mhaith litríochta ó Chúige Mumhan fosta. Bhí mé dall nach mór ar chanúint Uladh, go dtí gur chuir Ciarán Ó Duibhin agus Brian Mac Lochlann ón liosta ríomhphoist sin ar bhealach mo leasa mé.

AMM: Ar léigh tú Peig?

PH: Léigh, agus an t-eagrán dátheangach de ghearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais atá ar fáil ó Chló Mercier, agus thairis sin, fuair mé leabhar beag deas ó chara Éireannach, Barry Tobin, a rabh cónaí air ins an Bhreatain Bheag, An Giorria san Aer le Ger Ó Cíobháin. Scríbhneoir Muimhneach atá ann, nó scológ ab fhearr a rádh, fear tíre agus tuaithe a bhreac síos a chuid cuimhní cinn agus é ag teannadh le deireadh a shaoil. Údar Gaeltachta den tseandéanamh dhírbheathaisnéisiúil a d’fhéadfá a rádh. Mar sin féin, rinne mé an-staidéar ar an leabhar sin, agus gidh go bhfuil cuid mhór litríochta léite agam i nGaeilge - gach canúint - ó shin, tá mé seort doirte don cheann sin inniu féin. B’é Ger Ó Cíobháin ba túisce a d’fhoscail doras na Gaeltachta domh. Nuair a chrom mé ar an leabhar sin a léamh, cha rabh ionam go fóill ach foghlaimeoir meánleibhéil. Nuair a chríochnaigh mé í, bhí mé i mo Ghaeilgeoir.

AMM: Ach ní raibh eolas agat ar Ghaeilge Uladh?

PH: Cha rabh. Nuair a bhain mé amach ballraíocht leis an liosta ríomhphoist, cha rabh ach an chéad súil caite agam ar Rotha Mór an tSaoil, a fuair mé mar phronntas ó Mhícheál Fearghus Ó Conchúir. An chéad chainteoir dúchais a casadh orm riamh, b’é Leon Ó Braonáin é, deartháir le hEnya. Tháinig sé go dtí an Fhionlainn agus é ina bhainisteoir do bhanna rac-cheoil ó Éirinn a bhí ag seinm thall anseo. Bhí cupla focal agam leis, ach le fírinne, níor thuig mé ach leathfhocal as an deichniúr, agus ní rabh mé i m’fhear léinn comh mór sin ins an am is go mba leor domh an beagán sin leis an iomlán a thuigbheáil. Ábhar náire saolta a bhí ann domh nár thuig mé Gaeilge Chúige Uladh, agus m’anam gur chinn mé ansin an chanúint sin a tharraingt orm thar na canúintí eile.

AMM: Chonaic mé go raibh tú tar éis alt a dhréachtú faoi chaighdeán ar leith do Ghaeilge Chúige Uladh.

PH: Cha rabh ann ach tuairimíocht, go bunúsach - ballaíocht a thug mé ar an chuma a bheadh ar chaighdeán Uladh dá mbíodh bunadh an Tuaiscirt lena leathbhreac a chur ar bun. B’é príomhphointe an dréachta sin ná súil na ndaoiní a tharraingt ar comh tábhachtach a bheadh sé comhréir agus dul na bhfocal a staidéar agus a chaighdeánú, in áit a bheith ag sílstint an dúrud, abair, d’fhoirmeacha canúnacha an bhriathair, cosúil le “gheibh” nó “tchí”. Is cuimhneach liom gur ‘úirt Breandán Ó Buachalla in agallamh ínteacht fadó ná go bhfuil taighde agus staidéar na Gaeilge go mór faoi bhrú na “fileolaíochta” - nó na focleolaíochta, philology, Philologie - na focleolaíochta Gearmánaí, agus barraíocht béime ar staidéar na bhfocal is na ndíochlaontaí, seachas staidéar na comhréire agus na habairte. Agus le Gaeilge mhaith a fhoghlaim a shásóchadh an cainteoir dúchais, caithfidh tú an chomhréir agus dul na cainte a thabhairt leat go foirfe. Bítear a rádh gurb é an locht atá ar an Ghaeilge oifigiúil ná “an canúnachas mícheart” - is é sin, nach mbíonn na leabhartha scoile, mar shampla, inléite ag na cainteoirí dúchais cionn is go mbíonn siad scríofa “ins an chanúint mhícheart”. Le fírinne, is é an locht is mó atá orthu ná nach bhfuil blas na Gaeilge dúchasaí - is é sin, comhréir agus dul focal na Gaeilge dúchasaí - ar na leabhartha sin. Chonaic mé leabhartha Gaeilge fosta a bhí scríofa i gcanúint ar leith, mar dhea, ach ó tharla go mbíodh an chomhréir curtha ó mhaith ag na gnáthbhotúin, bhí siad lán comh doléite le haon drochleabhar scoile ins an Ghaeilge Chaighdeánta.

AMM: Labhraímis fós ar Ghaeilge Chúige Uladh. Ní féidir an t-imprisean a sheachaint go bhfuil meas mór agat ar litríocht an chúige freisin.

PH: Tá. Tá cineál faltanais agam do Mháirtín Ó Cadhain a d’úirt go mba chóir droim láimhe a thabhairt le Séamus Ó Grianna, a chuid scríbhneoireachta agus a fhriotal liteartha. Gidh go bhfuil a chuid den cheart acu siúd a deir go bhfuil “Máire” rómhaoithneach, tá mé míshásta le comh héagórach is a chaith na léirmheastóirí leis. Mar shampla, siúd is go bhfuil ardmheas agam ar Ghearóid Denvir mar scríbhneoir agus mar Ghaeilgeoir, - bhí sé ar cuairt ins an Fhionlainn le déanaí le léacht a thabhairt uaidh fá dtaobh de scríbhneoireacht Mháirtín Uí Chadhain - tá mé inbharúla nach dtug sé a cheart do “Mháire” riamh. Is é Alan Titley an t-aon léirmheastóir amháin a thuig cad é atá eadar lámhaibh ag Séamus Ó Grianna dáiríribh.

AMM: Bhuel, an bhféadfása a insint dúinn céard atá “idir lámhaibh” ag mo dhuine?

PH: Bhí an chuid sin den cheart ag Gearóid gur scéalta maoithneacha iad scéalta Mháire, ach ins an am sin, dealraíonn sé nár bhac sé le hoiread is ceann amháin acu a chríochnú. Is é an rud atá “Máire” a dhéanamh ná scéalta rómánsúla maoithneacha a chumadh, de réir múnla a d’fhoghlaim sé, abraimis, ó scríbhneoirí an tsaoil mhóir - agus an talamh a bhaint faoin rómánsúlacht sin le siosmaid an fhir thuaithe nach dtug iomlán na creidiúna riamh d’aislingí an tsaoil mhóir sin. D’fhoghlaim sé múnla liteartha na rómánsúlachta is an mhaoithneachais ón tsaol mhór, ach ins an am chéadna, bhí an tuigse dhuairc, chiallmhar, chiniciúil aige ar chúrsaí an tsaoil, bhí a fhios aige nach rabh aislingí an mhaoithneachais ag cur le fírinne ná le réaltacht an tsaoil.

Is é sin, thuig sé go bhfuil na mothachtálacha móra, ar nós an ghráidh, go bhfuil siad ag roinnt le gach duine, eadar uasal agus íseal, gur cuid den chinniúint uiledhaonna iad, agus go bhfuil taghd an ghráidh ins achan duine. Ins an am chéadna, bhí a fhios aige nach mb’acmhainn do na daoiní bochta, daoiní bochta na Gaeltachta a mb’iad a mhuintir féin iad, nach mb’acmhainn do na daoiní bochta an taghd sin a leanstan, comh bocht is a bhí siad. Bhí an dá Mháire ann, an scríbhneoir maoithneach a thuig go bhfuil féith an mhaoithneachais i gcroí gach duine, muintir na Gaeltachta ins an áireamh, agus an fear ciallmhar Gaeltachta a thuig nach rabh ins an rómánsúlacht, i ndeireadh an scéil, ach aisling, nóisiún nua-aimseartha nach rabh ag cur le saoltaithí ná le saolchoinníollacha mhuintir na Gaeltachta.

AMM: An bhfuil a dhath á léamh agat as Gaeilge faoi láthair?

PH: An bhfuil an Pápa ina Chaitliceach? Déanta na fírinne, tá i bhfad barraíocht á léamh agam as Gaeilge. Béaloideas is mó a bíos ann, ós rud é go bhfuil blas agus friotal na Gaeltachta de dhíth orm le haghaidh mo chuid scríbhneoireachta. Le déanaí, áfach, chinn mé ar chupla aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin a léamh - Artemis Fowl agus Harry Potter - agus gidh go dtáinig mé trasna ar chupla botún gramadaí, cha dtig liom a rádh nach mbeadh taithneamh bainte agam as na leabhartha sin, mar Ghaeilge. Bhí siad go han-mhaith, an chuid is mó díofa, agus deirim leat gur fhoghlaim mé focail agus teilgeanacha cainte nua astu i ndiaidh an iomláin. Is beag locht a gheobhainn ar Mháire mar aistritheoir, fríd is fríd.

AMM: An gcreideann tú go bhfuil litríocht mhaith á scríobh as Gaeilge i láthair na huaire?

PH: Bhail, is deacair freagra ceart a thabhairt ar cheist den tseort sin. Más é an rud atá tú a mhaíomh ná an litríocht ardealaíonta, is dócha nach é sin an rud is mó atá de dhíobháil ar lucht na Gaeilge ar na saoltaibh seo. Tá Joe Steve Ó Neachtain ina scéalaí mhaith, agus lón deas léitheoireachta ins na húrscéalta ramhra sin a d’fhoilsigh sé cupla bliain ó sin. Is é an bharúil atá ag fir is fearr ná mé féin gurb é sin an cineál litríochta is mó atá ag teastáil uainn mar lucht na Gaeilge, is é sin, scéalta atá suite i dtimpeallacht dhúchasach na hÉireann agus léitheoirí an lae inniu ábalta iad féin a aithne ar na carachtair. Maidir le Maidhc Dainín Ó Sé, is scéalaí maith eisean comh maith, ach is leasc liom a chuid scríbhneoireachta a mholadh d’aon duine, nó tá ábhar cineál mífholláin ann. Is é sin, nílim a rádh nach bhfuil cúis mhaith ag na hÉireannaigh le bheith mímhuiníneach as na Sasanaigh, ach tá mé barúlach gur bolscaireacht uafásach atá eadar lámhaibh ag Maidhc Dainín ins an leabhar udaí “Lilí Frainc”. Chuir an ceann sin samhnas orm dáiríribh. Ón taoibh eile de, thaitin A Thig Ná Tit orm go mór mór liom. Chuala mé go bhfuiltear ag baint úsáide as an cheann sin i dteagasc na Gaeilge ins na scoltacha anois, agus is maith an rud é sin. Cuid de shaoltaithí náisiúnta na hÉireann é saoltaithí na himirce, agus creidim go bhfuil cuid mhór de na daoiní óga féin ábalta a gcuid féin a dhéanamh de chuimhní cinn sin Mhaidhc Dainín.

AMM: Nuair nach mbíonn tú ag léamh leabhar Gaeilge, céard a bhíonn tú a dhéanamh de ghnáth? Tuigim go bhfuil an-suim agat i rudaí éagsúla, agus an freastal a dhéanann tú ar an Vicipéid.

PH: Tá. Sílim gur dual domh bheith i mo chiclipéideoir, nó sula dteachaigh mé leis na teangthacha ar aon nós, chuir mé spéis ins an cheimic agus ins an fhisic. Chaith mé laetha mo dhéagóireachta ag léamh leabhartha ollscoile fán cheimic. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, nuair a chuaigh mé a dh’fhoghlaim ceimice ar leibhéal na hollscoile, tuigeadh domh nach rabh mórán suime agam ins an mhatamaitic. An oiread matamaitice a bhí le foghlaim le bheith i do cheimiceoir, bhail, fuair mé go rabh barraíocht ann. Is dócha go bhféadfainn an chuid riachtanach den mhatamaitic a fhoghlaim dá gcuirfinn caol orm í a fhoghlaim, ach ó tharla go rabh na leabhartha ceimice léite agam cheana féin in aois an déagóra, ní rabh taithí ceart oibre agam. A ghlanmhalairt ar fad, bhí mé ina thaithí go rabh gach seort ar eolas agam cheana féin,  i gcruth is nach gcaithfinn mo chuid ama a chur amú ag fuascailt cothromóidí. Thairis sin, b’fhuath liom an tsaotharlann. Bhíodh an fhuil ag éaló as mo chloigeann agus sinn inár seasamh timpeall i saotharlann na ceimice, agus ba bheag an taithneamh a bhain mé as na cneácha a d’fhág na haigéid ar mo lámha. Mar sin féin, an oiread den cheimic agus a d’fhoghlaim mé i mo dhéagóir domh, cha dtearn mé dearmad daoithi riamh, agus is mór an cuidiú liom í anois leis an obair atá eadar lámhaibh agam ar an Vicipéid. Thairis sin, bím sáite i leabhartha fá dtaobh den réalteolaíocht, fosta. Gidh nach bhfuil an mhatamaitic sin agam ach an oiread, creidim go dtig liom an chuid eile den scéal a chur in iúl go sásúil as Gaeilge.

AMM: Mar sin féin, is dócha go gcuireann sé frustrachas ort scaití bheith ag cur leis an Vicipéid Gaeilge, agus an chuid eile de na Vicipéideoirí chomh dall ar an teanga nach bhfuil siad in ann abairt intuigthe a chur i dtoll le chéile. Chaith mise corrspléachadh ar an Vicipéid, agus is deacair a shéanadh go bhfuil an chuid is mó den chiclipéid ina praiseach le deargsheafóid nach bhfuil ach bréagchuma na Gaeilge uirthi.

PH: Is deacair, ach tá mé ag déanamh mo dhichill mar sin féin. Is iomaí uair a thig an frustrachas ar an Ghaeilgeoir ar an tsaol seo, ach ní féidir tabhairt isteach dó. Tá súil agam go n-éireochaidh leis an Vicipéid ins an deireadh thiar thall tuilleadh cainteoirí líofa a earcú agus fios a ngnoithe acu.

AMM: Anois, ba mhaith liom cupla ceist a chur ort faoi do shaol pearsanta, más ceadmhach dhom. Is minic a deirtear gur fear óg thú, ach tuigim go bhfuil tú ag druidim isteach leis an dá scór cheana féin, nach bhfuil?

PH: Le fírinne, shlánaigh mé an dá scór ar an 17ú lá de Mhí na Samhna.

AMM: Fear meánaosta!

PH: Fear meánaosta. Thairis sin, is amhlaidh go bhfuair mo mháthair bás faoin am céanna, ar dheis Dé go rabh sí.

AMM: Go díreach. An raibh tionchar mór aici ar do shaol, is é sin, ar do chuid Gaeilgeoireachta mar shampla?

PH: D’fhéadfá a rádh. Is fíor go rabh sí cineál drochamhrasach i dtaoibh na Gaeilge, ach mar sin féin, is dóigh liom gurb uaithi a tháinig an claonadh chun teangeolaíochta. Is cuimhneach liom uair amháin, agus sinn ag dearcadh ar chomórtas amhrán na hEoraifíse ar an teilí. Bhí sí ag cur spéis ar leith in amhrán Mhálta, le fáil amach cén cineál teanga a bhí ann mar Mháltais. Tá a fhios agat gur teangaidh mheasctha as an ghnáth atá ann, canúint Araibise atá comh breac le focail iasachta ón Iodáilis agus ón Bhéarla is gur deacair an dúchas Seimíteach a aithne a thuilleadh. Bhail, uaithise a d’fhoghlaim mé, b’fhéidir, gur féidir agus gur fiú spéis a chur ins na teangthacha ar a son féin.

AMM: Ní maith liom do thrioblóid, a mhac. Caithfidh sé go raibh tú go mór faoi mhéala.

PH: Bhí mé go mór faoi mhéala, nó gidh go mbíodh Mamaí ag éileamh ó am go ham le cupla bliain anuas, char tuigeadh domh go rabh sí comh dona sin. Le maolú ar an mhéala seo, thug mise agus mo chailín lámh is focal dá chéile go gairid ina dhiaidh sin. Anois, tá muid geallta dá chéile, agus le cuidiú Dé, beidh Gaeilge mhaith foghlamtha aicise nuair a thiocfas muid go hÉirinn le mí na meala a chaitheamh ansin.

AMM: Creid uaim go mbeidh fáilte mhór romhaibh!